Ó Lilliput go dtí an Seomra Fada: Comóradh 300 bliain Choláiste na Tríonóide ar Gulliver’s Travels
Posted on: 21 October 2026
Tá ceiliúradh ar chothrom lae 300 bliain ó foilsíodh Gulliver’s Travels á dhéanamh ag Coláiste na Tríonóide le taispeántas i Seomra Fada na Sean-Leabharlainne ina léirítear an scéal iontach a bhaineann le ceann de na saothair litríochta is iomráití ar domhan.
In Éirinn a scríobhadh an leabhar sular foilsíodh go hanaithnid i Londain é ar an 28 Deireadh Fómhair, 1726, agus is éard a bhí i ndán d’aoir iontach le Swift ná go mbeadh sé ina saothar liteartha sárdhíola ar fud an domhain. Ní raibh an leabhar riamh as cló agus tá staidéar, cóiriú, athinsint agus maisiú á dhéanamh air ó shin ar bhealaí éagsúla agus i dteangacha iomadúla, don duine fásta agus don ógánach.
Trí ábhar a roghnú as bailiúchán leitheadach Leabharlann Choláiste na Tríonóide d’eagráin éagsúla Gulliver’s Travels, is comóradh an taispeántas Gulliver at 300 sa Seomra Fada ar an ábhar siamsa agus spéise atá i gceist le sárshaothar Swift do léitheoirí, idir óg agus aosta, le trí chéad bliain anuas. Is féidir féachaint ar thaispeántas ar líne a ghabhann leis an taispeántas seo ar láithreán gréasáin na Leabharlainne.
Deir Stephanie Breen, Leabharlannaí Cúnta agus comhléiritheoir an taispeántais:
“Tugtar léargas sa taispeántas seo ar na leaganacha éagsúla trína ndearnadh aoir ghéar Swift a athchló, a athinsint agus a cheiliúradh le 300 bliain anuas. Tá roinnt de na heagráin is luaithe ar taispeáint chomh maith le preableabhair agus greannáin nua-aimseartha, leabhráin neamhbhuana ar bheagán costais agus eagráin ghalánta shármhaisiúla. Cuirtear ar taispeáint freisin an t-aon chóip amháin is eol a bheith ar fáil de choimre bheag dar teideal The Travels of Lemuel Gulliver a cuireadh i gcló i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1761.
“Is é an chéad turas a thug Lemuel Gulliver go críoch Lilliput an leagan is mó a bhfuil eolas ag daoine air sa lá atá inniu ann, a bhuí leis na saothair chóirithe do leanaí, scannáin agus greannáin. Leis an taispeántas seo, tugtar daoine ar thuras go dtí na críocha uilig a thaistil Gulliver — Lilliput, Brobdingnag, Laputa agus níos faide i gcéin, agus go dtí Tír na Houyhnhnms.
Deir Aileen Douglas, Ollamh Léann an Ochtú Céad Déag i Scoil an Bhéarla agus comhléiritheoir an taispeántais: “Bhí an chéad dream a léigh Gulliver’s Travels an-tógtha leis an aoir ar phearsaí mór le rá i gcúrsaí polaitíochta agus ar thionchar na cumhachta. Do léitheoirí an lae inniu, agus iad buartha faoi chumhacht na hIntleachta Saorga, téann an aoir a rinne Swift ar nádúr an duine, a bhaineann go háirithe leis an mbród as réasúnaíocht agus dul chun cinn, go mór i bhfeidhm orthu”.
“Cúis eile a dtéann Gulliver’s Travels i bhfeidhm ar léitheoirí an lae inniu ná an léiriú tréan a thugtar ann ar chás an phríomhcharachtair ar gá dó dul in oiriúint, nó iarracht sin a dhéanamh, do réimsí saoil atá aisteach nó coimhthíoch.”
Deir Helen Shenton, Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste: “Is comóradh an taispeántas seo ar chothrom 300 bliain ó foilsíodh Gulliver’s Travels den chéad uair agus cuirtear mórshaothar Jonathan Swift i láthair le rogha de na heagráin atá i mbailiúchán na Leabharlainne ar mór an díol suntais don tsúil iad. A bhuí le flaithiúlacht deontóirí agus eile, tá bailiúchán leabhar agus lámhscríbhinní a bhaineann le Swift sa Leabharlann a bhfuil cáil ar fud an domhain air.
“Áirítear sa bhailiúchán seo na céadta eagrán de Gulliver’s Travels agus de leaganacha a cóiríodh i bhfoirmeacha éagsúla agus leantar dá mbailiú agus dá gcaomhnú do na glúnta atá le teacht ionas go mbíonn deiseanna nua taighde agus taitnimh á gcur ar fáil.”
Jonathan Swift agus Coláiste na Tríonóide
Thosaigh Jonathan Swift (1667–1745), as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas, i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1682 mar mhac léinn bunchéime agus bronnadh Dochtúireacht Diagachta air sa bhliain 1702. Tá an dealbh bhrád le Louis-François Roubiliac (1702–1762) den údar agus den chléireach iomráiteach Éireannach seo mar a bhí i ndeireadh a shaoil ar cheann de na dealbha is breátha sa Seomra Fada. Is díol suntais é an t-ábhar clóite agus lámhscríofa a bhaineann le Swift i mbailiúchán na Leabharlainne. Tá bailiúcháin d’ábhar digitithe a bhaineann le Swift ar fáil sna Bailiúcháin Dhigiteacha.
Is iad Stephanie Breen, Aileen Douglas agus Ian Campbell Ross a chuir Gulliver at 300 le chéile. Beidh an taispeántas ar siúl i Seomra Fada na Sean-Leabharlainne go dtí deireadh mhí na Nollag 2026. Tá cead isteach chuig an taispeántas san áireamh le ticéad d’Eispéireas Leabhar Cheanannais. Féach anseo maidir le ticéid a chur in áirithe. Is féidir taispeántas ar líne a fheiceáil ar láithreán gréasáin na Leabharlainne.